An Drúchtín agus an Seilide

Oein DeBhairduin

Scéal ó thraidisiún béil an Lucht Siúil le Oein DeBhairduin, comhfhoilsithe ag Little Island agus Skein Press.

16.99

Fréamhaithe i dtraidisiún scéalaíochta an Lucht Siúil, is fáthscéal séimh é seo faoi éagsúlacht, féinghlacadh agus léargais éagsúla ar an domhan. Taistealaíonn dhá dhrúchtín, deartháireacha, le chéile go dtí go bhfiafraíonn seanchearc phréacháin díobh cá bhfuil a mbaile. Buaileann náire duine acu, a shocraíonn go dtógfaidh sé teach agus go dtabharfaidh sé ‘seilide’ air féin. Fuaraíonn caidreamh na ndeartháireacha agus fásann drochamhras eatarthu. Tá náire ar an drúchtín nach bhfuil blaosc aige go dtí go dtuigeann sé gurb ionann an bóthar a dtaistealaíonn sé air agus a bhaile agus, mar sin, beidh baile aige go deo. As seo amach tá an drúchtín sona beag beann ar dhrochmheas neacha eile agus tugann sé faoin saol le mórtas agus le muinín.

Oein DeBhairduin

Tá féith na cruthaitheachta go smior in Oein DeBhairduin agus dúil aige san fhilíocht, sa luibheolaíocht thraidisiúnta agus i gcaomhnú scéalta, nathanna cainte, athinstí agus malartuithe stairiúla an Lucht Siúil. Bhuaigh a chéad bhailiúchán scéalta ó thraidisiún an Lucht Siúil, 'Why the Moon Travels', Gradam Speisialta na Moltóirí agus Gradam Eilís Dillon ag Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2021.